Scéalaí: Cad is ainm duit?
Bradán: Airgead is aimn dom.
Scéalaí: Sin ainm ait!
Bradán: Tá dath airgead nó geal ar mo chraiceann.
Scéalaí: Cad as tú?
Bradán: Sin scéal fada. Inseoidh mé an scéal duit anois…
I mí Deireadh Fómhair I 2018 bhí tuile san tSiúir. Bhí m’athair agus mo mhátháir sa fharraige
timpeall chósta Port Láirge. Shnámh siad suas an abhainn már tá sé níos furiste taisteal nuair
a bhíonn an uisce domhain. Bhí an seasúir iascaireachta críochnaithe agus bhí na hiascairí sa
bhaile. Thaistil mo thuismitheoirí suas go dtí Gleann Eartharlach faoi scáth sléibhte Galtees i
chontae Thiobráid Árann.
Timpeall na Nollag rinne mo mháthair poll sna chlocha congarach le Droichead an
Cheapach. Leag sí na mílte uibheacha oráiste sa pholl agus ansin chuir m’athair milt orthu.
Chlúdaigh sí na huibheacha beaga ansin leana eireaball. Fuair m’athair bás seachtain ina
dhiaidh sin. Níor ith sé aon rud ón lá a d’fhág sé an Atlantach agus bhí sé lag agus tuirseach.
D’fhill mo mháthair ar ais chuig an fharraige chun scadáin agus séacha (shrimps) a ithe. Níl
fhios agam cá bhfuil sí anois. Tá boladh spéisialta san Eartharlach. Tháinig mo thuismitheoirí
go dtí an áit a rugadh iad féin mar d’aithnigh said an boladh álainn.
D’ith na bric donn cuid des na huibheacha. Ní raibh morán bia ann agus bhí ocras
orthu. Fadó shnámh eascainn tríd na clocha agus d’ith said na huibheacha freisin. Níl morán
eascainn ann anois. I mí Márta 2019 tháinig mé féin, mo dheartháireaha agus mo
dheirfiúracha as na huibheacha mar bhí an uisce níos teo le teacht an Earraigh. Alevin a
thugann eolaí mar ainm orm anois. Bhí mála beag faoi mo cheann darbh ainm sac buíocan
(yolk sack). Bhí sé lán le bia blasta. Bhí sé deacair na eite a aithint. Dé gnath faigheann 99%
des na huibheacha bás-bhí an tádh liom!
Tar eis cúpla seachtaine tháinig cruth éisc orm. Gilidín (fry) an t-ainim a bhí orm ansin.
Bhí ocht eite orm. Ní raibh aon truailliú ann agud bhí mé in ann snámh san sruth a bhí tapaidh
agus lán le o2. D’ith mé feithidí beaga gach lá a bhí ag gluiaseacht ar bun na habhann agus
cuileoga a bhí ag tuirlingt ar bharr an uisce.
Tháinig athrú orm san Fhómhar i 2019. Parr ab ainm dom ansin. Bhí spotaí arm o
chraiceann agus sort barraí liath ar gach taobh dom. Bhí mé cosúil le breac donn óg. Ach
bíonn níos mó spotaí ar sprochaille bhric. Bíonn dath dubh ar spotaí bradáin ach bíonn spotaí
dearg ar an mbreac. Ochón! Ochón! Fuair chuid de mo chlann bás-go bhFóire Dia orthu. Lá
amháin bhí ráth i bpoll domhain san abhainn. Chonaic mé scáth mór dubh ós mo chionn.
Cailleach dubh (cormorant) a bhí ann. Bhí stoirm san fharraige agus de réir sin d’eitil sé
intíre. Chuaigh mé i bhfolach faoi planda. Bhí gob uafásach ag an gCailleach dubh. Bheir sé
ar chuid de mo chlann agus d’ith sé iad.
Scéalaí: Tá brón orm! Cad a tharla ansin?
Bradán: Tá me dhá bliain d’aois anois. Smolt is ea an teideal a tugtar dom. Tá arthrú ag
teach ar mo chorp, tá dath airgead geal orm. Caithfidh mé dul go dtí an taigeáin. Rachaidh
mé síos an Eatharlach le mo chaired go dtí an tSiúir. Feicfidh mé Caisleán na Cathrach agus
na déagóirí ins na canú i gCluian Meala. Tiocfaidh mé go dtí an inbhear i gCarrig na Siúire.
Taistileoidh mé thar Dún Mór go dtí an tAigéan Atlantach agus le Cúnamh Dé tiocfaidh mé
ar ais go áit mo bhreithe i gceann ceithre bliana!