Uisce agus Inbhear

Bogaimis siar chuig na seascaidí i gCorcaigh. Bhíomar inár gcónaí i mBaile an Locha – ach
loch ní raibh ann! Bhí taithí againn ar dhul go dít an “Lough”, ceart go leor, ach bhí sin i mBaile
Féitheán, thart ar dhá mhíle go leith ó Bhaile an Locha de shiúl na gcos. Is cuimhin liom dul go dít an
“Lough” uair amháin maidin lá ‘le Sitofán agus é fuar go maith. Bhí bronntanas Nollag, slat
iascaireachta de dhath an uachtair, plaisitc de chineál éigin, ag mo bheirt dearthár mór. Arán brúite
itmpeall an duáin a bhí mar bhaoite againn. Ba bhreá liom a rá gur rugamar ar liús nó péirse ach níor
lúb barr na slaite oiread agus uair amháin an mhaidin bhinbeach sin.
Sea, bhí sé i bhfad níos taitnimhí dul ag iascaireacht go dít na Garraí Brící a bhí níos gaire
dúinn, thart ar leathmhíle ón teach. Bhí sé ar nós oilithreachta againn maidin Domhnaigh i rith an
tsamhraidh agus muid óg – Pop (m’athair), mo dheartháracha agus mé féin a bhí i gceist. F’hfan
Mam sa bhaile ag ullmhú rósta an Domhnaigh. Bhí slat iascaireachta cheart, spáid agus mála
iascaireachta ag Pop agus bhí maide, téad, líontán agus próca agam féin agus ag an mbeirt eile.
Tar éis Bóthar na Sceiche Airde a hfágáil bhí orainn léimt thar chlaí, ansin crágáil síos le fána
trí pháirc mhíchothrom i dtreo an inbhir, ag seachaint poll agus bualtraí. Bhí buataisí ruibéir orainn.
Bhí siad riachtanach mar de réir mar a bhíomar ag gluaiseacht le fána ag déanamh ar an inbhear bhí
an talamh ag éirí níos boige agus an lathach ag éirí níos ituibhe. Thaiitn siosarnach fuaim an diúil
liom agus na buataisí á dtarrach as an lathach. Bhí boladh bréan ón lathach agus tógadh an boladh
míchumhra sin ar ais go dít an teach nuair a stealladh na héadaí le lathach. Ba chuma linn ach ní
raibh Mam sásta. Ar aon nós shroiseamar an log, áit a raibh uisce de ghnáth. Dhreapamar
seanhfalla míchothrom agus b’shin ár gceann scríbe. Bhí an t-inbhear ar an taobh eile den hfalla
agus bhí ititm mhór ar an taobh sin, go háirithe nuair a bhí an taoide tráite.
1
Toisc go raibh Pop ag caitheamh buataisí ceathrún eisean a chuaigh ag tochailt lugaigh fad a
bhíomar triúr ag falróid thart. Bhí iarsma de mhonarcha na mbrící le feiceáil anseo is ansiúd – corr-
bhríce buí ag gobadh amach as an lathach nó as an ithir. Níl aon chuimhne agam ar bhríce dearg a
hfeiceáil. Caithifdh gur anseo a bhí déantús na mbrící a úsáideadh chun ardán itthe a thógáil ag
Crosaire na Gráinsí d’ oibrithe muilte olann na Dúglaise. Tá daoine fós ina gcónaí san ardán sin agus
tá cuma chluthar ar na itthe. Tá an bríce dearg ar na ballaí agus an bríce buí mar shonra. Tógadh
itthe ar an talamh ard a bhí sna Garraí Brící féin. Tugtar aitheantas do stair na háite le hainmneacha
ar nós “Brickifelds” agus “Brickifeld Downs” ar na forbairít nua seo a hféachann síos ar an inbhear.
Gar don uisce bhí leaba luachra, rabhán agus locháin bheaga ina raibh mionéisc, ribe róibéis
agus portáin bheaga. Faoin am a chríochnaíomar an taiscéalaíocht bhí na lugaigh bailithe ag Pop.
Thosaigh an iascaireacht ansin. Doingean a bhí á lorg againn ach is mó lannach a bhí san uisce,
áfach. Is cuimhin liom an doingean ag giosáil sa bhfriochtán. Níor bhlaiseas riamh ó shin iasc chomh
blasta briosc leis.
Tá “Lough” an lae inniu soaitheanta fós ach is sa chuimhne amháin a mhaireann na Garraí
Brící.
2