Muireann na hAbhann

Bhíos 8 mbliana d’aois nuair a chuir Granda mé in airde ar dhrom seana-Mhaidhc. Ní raibh aon diallait air. Capall oibre ab ea seana-Mhaidhc, capall mín, capall mór, capall aoibhinn. Bhí an capall ag treabhadh leis sall an bóithrín, mise ar a dhroim agus Granda lasitar don ainmhí mín seo. Bhíosa lán do rógaireacht agus stracas ifúise don sceach a bhí ag fás ar an gclaí. Bhuaileas buile ar bhondún Mhaidhc agus fuair sé preab. Chuir sé a dhá chos in airde de gheit agus ní mór ná gur shleamhnaíos anuas dá dhroim. Thosnaigh seana-Mhaidhc ag rás agus thosnaigh Granda ag béicigh agus a chaipín san aer aige. Thosnaíosa ag gol. “Cabhraibh liom Granda”, a bhéiceas. “Beir ar na ‘reins’ beir ar na ‘reins'”, agus Granda ag iarraidh teacht suas linn. Chas seana-Mhaidhc síos an Bóthar Fada agus é ar sodar. Bhíos scílithe. Bhí sé ag rás anois agus bhíos cosúil le bábóg in airde ar a dhrom. Bhí an capall ag dul i dtreo an Daingean fé mar a cheapas. Bheadh mo chairde go léir ag gáirí fúm. Cad a bhí le déanamh? Chaitheas mé féin anuas don gcapall agus thiteas isteach sa chlaí. Bhí an claí lán de
neantóga. Bhíos scólta. Tháinig Granda suas liom. “Caith na thaobh gur chaiits tu féin isteach sna neantóga a Mharia”, arsa Granda. Bhí an fear bocht scílithe. “Cheapas go go go…”, thosnaíos ag gol. “Tair i leith chugam a mhaoinín”, arsa Granda. “Cá bhfuil sean-Mhaidhc ??” “Á bhí tart air. Tá sé ansan thall in aice le Muireann na hAbhann. Tá spal air”. Bhí seana-Mhaidhc ag ól uisce na habhann go suairceach, síbhialta. Téanam” arsa Granda. Lig do a thart a chuir do. Raghaim abhaile. Thóg Granda mo láimh. Bhí an ifúise fós im’ ghlaic. Ní dúramar faic !