Níl áit ar bith níos áille
Ná an choill i nDún a’ Rí,
Áit a shníonn an abhainn ársa
Idir cnoic na ndroimníní.
Má tá buairt nó sos ón saol uait,
Téigh ann is siúil go réidh,
Éist leis an t-uisce ag briseadh thar cloch
Is na duilleoga ag séideadh leis an ngaoth.
Is ann a chasann tú at dhaoine
Ag glacadh sos is ag siúl,
Nó daoine ag rith suas céimeanna
Is síos na cnoic ar fán.
Ólaim ón tobar atá fuar agus glé,
Taobh leis an abhainn ag canadh go réidh,
Is féachaim anuas ar na crainn mór árda
Agus na gathanna gréine ag sileadh mar bháisteach.
Tá siúlóidí ag dul ó bhonn go barr
Ón uisce go barr na tulaigh,
Is lochán beag do na lachain
Sa mhachaire i lár na coille.
I nDún a’ Rí bíonn gliondar i’m chroí,
Níl áit ar both níos áille,
Áit gur féidir leat imeacht ó rothaí an tsaoil,
Is glac siúlóidí calma réidh ann.
Is ann a thángthas le mo chlann óg,
Is iad ag fiosrú gach choirnéal ar a slí,
Nárbh iontach an áit a bhí ann dóibh,
Do spórt agus scléip agus spraoi.
Téim ar ais go cuimhní m’óige
Agus mé ag siúl i measc cloigíní gorma,
Faoi scáth darach is an crann fuinseoige,
Is lus na gaoithe ag fógairt samhraidh.
Tar agus siúil anseo liom,
Téigh siar ar chuimhní do chroí,
Áit ar shiúil tú I measc an nádúr,
I d’óige agus tú lán le spraoi.