In Omos

Rachfá thairis I ngan hfios duit féin-ifántas de ghiolcaigh agus locháin uisce ag síneadh uait
go bun na spéire nó ar a laghad go cuar line sail I bhfad thios sa riasc.Anois tá conair dúlra,cosáin
hféir agis ionad oideachais ar an láthair ach an mhaidin sin,an chéad lá de shéasúr seilge na néan sa
bhliain mile naoi gcéad is caoga seacht,b’ionann geataí na bhlfaitheas agus an bearna beag taobh leis
an droichead cloiche dom féin agus dom athair is sinn ag meilt ama ar aistear beag ar ciumhais na
habhann a shníonn go soiscarnach ó Chnoc Killough go gcasann sé ar abhainn mhaorga na Siúire ,an
lfuvius aurea,cúpla céad slat siar uainn.
Ni raibh aon chúis ar leith dúinn a bheith ann seachas athair ag glacadh sosa ó chúraimí
clainne is oibre agus ag glacadh le deis taithí agus scéal a shaoil a roinnt ar bhuachaill óg I mbríste
gearr nach dtuigfeadh go ceann dhá scór bliana eile an móráltas cine a líon mo athair an mhaidin úr
gheal sin nuair a thosaigh sé ar scéal a áite dúchais féin a ríomh agus cé chomh láirneach is a bhí an
riasc ,an biolar,coigeall na mban sí,an leoithne gaoithe aniar,an ealta druid ag líonadh na spéire ar
nós scamaill dhuibh na trathnóntaí seo dá aistear na beatha.Thar aon ní eile ba mhór dó an beart a
rinneadh ag sáru an riaisc agus an uisce le crógacht is obair dhian crua agus ba léir an mheas a
chothaigh sé sin sa teaghlach ar fad ar an áit dhearóil seo cé go raibh said go léir scaipthe ar fúd na
cruinne ag an bpointe seo.
Ni rabhamar caoga slat ó’n droichead ,sinn ag stánadh ar chrann ard creathach ag insint a
scéil dúinn nuair a mhínigh sé nach ó’n áit seo in aon chor sinn ó dhúchas ach gur díbríodh an clann
as a gabháltas taobh le Buirgheas Léith sna hochtóidí agus gur thaisteal said trasna na ítre ,gur ghlac
baintreach trua dóibh agus thug foscailt agus fothain dóibh taobh leis an uisce ,rud nár lig said I
ndearmad riamh.Chuir said futhu anseo agus sular roinneadh eastát Clarke I nGraiguenoe sna
ifchidí ,ní raibh ach cúpla acra acu a raibh an marla buí i ngoirreacht cúpla órlach don dromchla ach
sula rabhadar réidh leis ,ba thalamh mhéith a rinneadar le neart a gcuid allais agus iad ag soláthar
bainne,torthaí is glasraí do bhaile mór Dhurlas Éile.Bhain said úsaid as plandai agus luibheanna an
riaisc chun galair a leigheas sna hainmhithe agus sna daoine daonna..Thóg said crónna do na
lachain,na géanna agus na cearca as na giolcaigh ,fuair said an uisce glan úr ó na tobair a bhí scaipthe
ann agus sa riasc bhí breosla ifú.Ba chuimhin leis sean úncail ag cruinniu corráin sa samhradh ífor-the
sin I lár na daicheadaí-b’shin an rud,ba phortach an riasc tráth agus bheadh arís,dá mbeimís in ann
crochadh itmpeall go ceann deich mile bliain eile!Bhí laethanta a óige nasctha go dlúth leis an riasc-
na móinéir shaibhre mórthimpeall agus é ag baint an hféir déanach go leor sa samhradh lena
chúigear deartháir aus na linne doimhne as ar tharraing said beithígh ifú ar an Domhnach.Tháinig
meangdh gáire ar a aghaidh lfaithiúil nuair a bhfaca sé na micléinn óga ar a nglúine ag déanamh
imscrúdu agus dian taighde ar na gnáthóga éagsúla ar fud na háite blianta fada ina dhiaidh sin.
Go tobann léim mé de phreab-d’éirigh naoscach cúpla slat uainn agus d’éalaigh le
scread agus go ifarlán .Bhí sé óg sna ifchidí nuair b’áit iargúlta go leor í Cabragh agus is iomaí scéal a
bhí aige faoi lón cogaidh a bheith I bhfolach ann,gurb áit inar chruinnigh Óglaigh le chéile roimh
tabhairt faoi hfoga eile agus gurab anseo a theith said in aimsear na nDubhchrónach.Bhí rún
diamhair ag baint le taisteal thar an riasc agus chaill a athair eolas na slí istoíche ag cuardaíocht ar
thithe I bhFearta Eanach ar an dtaobh thall.Ní raibh aon dul as ach suí síos,a chóta mór a bhaint de,é
a chasadh ,gal a phíopa a shú agus diaidh ar ndiaidh,nochtadh an slí ar ais dó.B’áit í an riasc a raibh
cónaí ar spioraid is síóga-sin an fáth nár chaith eisean bríste gearr cosúil liomsa nuair a bhi sé óg ach
peittcoat ar eagla go ngoidfeadh na síóga é.
Fuair a mháthair bás den eiteann go luath ina shaol agus thagadh sé anseo mar
pháiste óg ag éisteacht le fuaim na gaoithe tríd na gasanna,ag breathnú ar na madraí rua ina luí ag
faire ar na lachain,ag éisteacht le ceol an ghlaise,ag sú sóláis ó’n ditmpeallacht
beo ,caoin ,caomh.Fuair sé faoiseamh anseo in am an ghátair sna triochaidí,na laonna ag fáil bháis ar
thaobh an bhóthair agus an t-ocras ag stánadh orthu chuile mhaidin ag breacadh an lae.B’iad sin na
cuimhní cinn a nasc go dlúth é mar ghad doscaoilte leis an bhfásach glas seo.
Faoi dheireadh,shroicheamar an cúinne agus an casadh san abhainn.D’éirigh an corr
réisc go mall ciúin,chualamar glór an chrotaigh ó’n láib i bpáirc Uí Laochda,bhí dhá eala agus trí
chearc ceannan ar snámh sa lochán,cor duilleog saile ag druidim anuas,mé fein agus m’athair agus
an uisce ag bogadh ar agaidh go ciúin.Maidin dár saol agus mise ar neamh-áit a bhfuil sé féin anois
ag siúl na mbánta féarmhara cois abhann neimhe.