Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an lá sin. Bhí mé i mo shui lasmuigh mo teachín ag smaoineamh ar mo lá ag iascaireacht agus ar ghabháil bheag na ronnach. Ní mhairfeadh sé níos mó na cúpla lá agus deir said go mbeidh sé an-stoimúil go luath. Bhí imni orm. D’fheach mé amach chun farraige. Bhí ceo trom os cionn an uisce agus bhí solas aisteach ann. Ní fhaca mé a leithéid riamh. Bhí mé ag feachaint ar feadh cúpla noimead agus tháinig bearna beag le feicéail sa cheo. I gcéin bhí cruth aisteach ar an uisce, cruth cosúil le hoileán a cheap mé, ach bhí ionadh an domhain orm mar ní raibh oileán ann riamh roimhe seo!
An bhéadfadh sé a bheith an oileán na finscéalta? Nuair a bhí mé óg labhair na seandaoine faoi oileán caillte, mar hainim Tir Hudi. Dúirt cuid acu go bhfaca said é ach le linn mo tríocha bliain ar fad ag iascaireacht ní fhaca mé é riamh agus níor chreid mé ann riamh. Bhí orm breathnú níos dlúithe. Rith mé síos go dtí an bád agus sheol mé go tapa é. Bhí sé luath i trathnóna ach ní mhairfeadh an solas fada. Rinne mé iarracht cuimhneamh ar an méid a bhí ar eolas agam ar Tir hudi agus mé ag tosú ag rámhaíocht ina threo. Duirt na seandaoine go raibh an t-oileán le feiceáil gach seacht mbliana ma bhí an t-ádh ort agus gur áit draiochta é a bhí lán de shaibhreas. Bhí sceitimíní orm agus bhí mé ag rámhaíocht go crua, bhí mé ag dul go gasta sa treo ceart ach níor tháinig an t-oileán níos gaire. Rinne mé iarracht níos faide ach fós níor tháinig sé níos gaire. Ní raibh mé ag iarraidh a thabhairt suas agus shíl mé an té a bhíonn siúlach, bíonn scealach.
Thosaigh an ghaoth ag seidimh go tobann agus d’eirigh an fharraige garbh. Bhí an t-oileán fós chomh fada i gcéin agus a bhí riamh. Shíl mé go bhféadfainn caoineadh. Tá sé cosúil le bogha báistí a cheap mé agus tá an pota óir a lorg agam.
Os mo chomhair chonaic mé ann gluaiseacht ar lomán carraigeacha. An duine b’fheidir, a cheap mé. Ar carraig amhain, bhí solas aisteach ann, chonaic mé bean le gruaig fada fhliuch ag taitneamh. Bhí sí go hálainn agus draíochtach. Ní fhaca sí mé ar dtús agus bhí sí ag canadh an fonn ghránna is áille. Ansín chas sí agus chonaic sí mé. Bhí sí ar tí léim isteach san uisce ach ghlaoigh mé fanacht. Bhreatnaigh sí orm agus mé ag rámhaíocht níos gaire. ‘Tar liom, le do thoil’, a d’fhiafraigh mé. Bhí na súile is doimhre agus is anamúla aici a chonaic mé riamh. ‘Cinnte’, a dúirt sí, ‘fuair tú mé, mar sin, rachaidh mé leat’. Sheas sí isteach sa bhád. ‘Is mise Laoise’, a dúirt sí. D’fhreagair mé ‘Is mise Seamus’.
Thosaigh muid ag rámhaíocht ar ais i dtreo an chladaigh agus mé ceist uirthi faoin oileán. ‘Níl cead ag haon duine ar an oileán sin, is oileán draíochta Tir Hudi – tir na síoga agus mhuintir na farraige’. Bogann sé má dhéanann daoine iarracht é a bhaint amach’. Thosaigh mé ag gáire; ‘tá áthas orm go bhfuair mé thú no go mbeinn tar éis an t-oileánsin a chasadh ar feadh na hoíche’. Thosaigh sí ag gáire fresin agus ansin tháinig brón uirthi; ‘tá brón orm a Sheamus ach is leis an bhfarraige mé’. Gan focal eile leím sí isteach san fharraige agus shnámh sí ar shiúl ón mbád. ‘Tuigim’ a glaoigh mé, ‘slán Laoise – banphrionsa na fharraige’.