Tá abhainn bheag thíos ón dtigh inar rugadh mé, i gCiarraí, Abhainn na Gáile, nó An Gháil.
Bhí páirt lárnach ag an abhainn sin agus ar Dhroichead na hAbhann i mo shaoI agus i mo
shamhlaíocht agus mé ag fás aníos.
Dob é an droichead san croí-lár an tsaoil dom fhéin agus dom bheirt charad, Máire agus
Mairéad, agus sinn in ár ngirseacha óga.
Is ann a thagadh An Sorcas, lena h-ainmhithe choimhthíocha, a chapaill rinnce, leis na
gcleasghleacaíthe ban aclaí ag seasamh ar a ndroim, lena hataí árda agus a bhfeisteas
drithleach, iad ag sodar timpeall i bhfáinne, agus na banmharcaigh ag baint lascanna as a
bhfuipeanna, chun iad a choimeád in ord.
Tá trip trup a gcrúb agus fead na bhfuipeanna san aer fós im chluasa!
Samhlaigh na sceitimíní a thagadh orainn nuair a chualamar an ráfla go raibh An Sorcas ag
teacht! Agus nuair a chonaiceamar an Oll-Phuball ag dul suas chuamar ar mire ar fad!
Is ann leis a thagadh na tincéirí, lena gcarbháin allúracha, ildaite, a dtinte chnámh san oíche
agus a bpannaí stáin.
Ach is as bheith ag súgradh ar bhruach na habhann a bhaineamar an méid is mó
taitnimh.Thosaíodh sé san Earrach le teacht na cuaiche. Bhí seanchas ag baint le sin. Dá
dtiocfadh an chuach ró-luath ba chomhartha dhroch-aimsire é.
” Má thagann an chuach ró-luath, díol do bhó agus ceannaigh arbhar ” an seana-nath a bhí ann!
Ach ar theacht Mí na Bealtaine, bhíomar cosúil le gamhna geala Samhraidh, ag rith, agus ag
pocléimneach, an bealach ar fad ón dtigh síos go dtí Móinéar na hAbhann, mar a bhí na
bláthanna cumhra earraigh ag fás, an feileastram buí, an caisearbhán, bláth na cuaiche, an
magairlín meidhreach irl. Dob é an magairlín is mó a shantaíomar, lena dhath geal,
corcra.
Ní phioctaí an caisearbhán mar bhí piseóga ag dul leis! Deirtí go bhfiuchfá an leaba dá
bpiocfá é, agus bhímís ag magadh a chéile dá bpiocfaimís é.
Pis-en-lit a ghlaotar leis air sa bhFrainc.
Bhí spleodar orainn nuair a thángamar ar na bláthanna a thaitin linn, agus bhailíomar le flosc
iad, chun iad a thabhairt abhaile do Áltóir na Bealtaine. Faid is a bhí gairm na cuaiche agus
glaoch an traonaigh le clos sa chúlra. An londubh is an chéirseach, an druid, an fhuiseóg is
Siobháinín bhuí ag eiteallaigh go ceolmhar ó thom go tom, ag bailiú ábhar nide.
Anois is arís chífimís Corr Éisc ag seasamh go ciúin san uisce éadoimhin ag
faire ar bhreach, ach ” ní breach go port é “!
B’in an tEarrach, sa Samhradh bhí sé de chúram agam na góislíní a thabhairt chun na
habhann i gcomhair uisce. Chuirinn scairt ar mo cháirde agus avay linn, cosa anáirde! Ba
thaibhseach an radharc é iad a fheiscint ag sleamhnú isteach san uisce, leis an mháthair
agus an gandal. Níor chaitheamar aon chloca leis an ngandal, mar a dhein Jimín Mháire
Thaidhg sa scéal úd fadó! D’fhanfaimís ann, gan cíos, cás ná cathú orainn go dtí go gcloimís
mamaí ag feadaíl orainn, ag fógrú go raibh sé in am tae, agus raghaimís fhéin agus na
góislīní abhaile le faobhar ar ár ngoile.
Sa bhFómhar ní théimís mórán chun na habhann. Bhí sé ag druidim i dtreo na dúluachra,
sinne ar ais ar scoil, na cloig curtha siar, na duilleóga ag siosarnach agus ag titim agus na
héin imirce deasaithe ar na sreanganna leictreacha, a gcomhdháil dheireannach roimh
imeacht dóibh!
Sa Gheimhreadh, is minic a dhúisíomar, tar éis bháisteach throm agus aimsir ghruama agus
bhíodh talamh íseal Mhóinéar na hAbhann báite faoi thuillte.
Roth na bliana ag casadh!