Trasna na dTonnta

BHÍ SEÁN MÓR AG BAINT PHRÁTAÍ sa chuibhreann beag gainmheach ag barr na binne nuair a
chuaigh bád Mhicí Shéarlais soir an bharra ag tarraingt ar bhéal Oileán Bó. Dhírigh sé a dhroim agus
thóg sé a bhearád leis an allas a ghlanadh óna éadán, nuair a chonaic sé an bád ag dul thart leis an
ghob.
Bhí an bád go domhain san uisce. Bhí lasta trom uirthi: tábla, cathaoireacha, leapacha agus cupla
bosca mór donn i mullach a chéile thiar chun deiridh. Ní bheadh fágtha ít Mhicí anois ach na ceithre
ballaí.
Ba mhaith an rud daofasan go raibh an lá maith. Bhí leoithne beag gaoithe ag séideadh trasna an
bharra, é ag iompar fuaim toll inneall an bháid agus an cupla tafann a rinne Tildy, madadh an
teaghlaigh, le rón beag ramhar a chur aníos a cheann os cionn an uisce agus an bád ag dul thart le
Gob na Dumhcha.
D’aithin sé go raibh cupla duine ina suí ar an bhéim deiridh agus bhí cloigneacha na bpáisít le feiceáil
isitgh i measc an trealaimh uilig, gan gíog astu.
Sheas sé tamall ag amharc ina diaidh agus ansin chrom sé ar an obair arís. Teaghlach eile ar shiúl
agus na paisít deireanacha leo.
Bhí sé fá choinne dul anonn ít Mhicí ar maidin le cuidiú leo an trealamh uilig a thabhairt síos go dít an
ché, cé nár sheasaigh sé ar an tairseach i dít Mhicí le deich mbliana. Ach, ní dheachaigh sé anonn.
Ach nach Cuma: caidé’n mhaith dó dhul anonn anois le cuidiú leo fagáil. Bhí sé ró-mhall.
D’amharc Seán ar Mhícheál Óg mar an mac nach raibh aige féin. Ní raibh an gasúr ach dhá bhliain
déag d’aois ach bhí sé ábalta obair ifr a dhéanamh. Thosaigh Seán ag smaoineadh ar an am a
d’hfoghlaim sé dó le hiomradh agus le curach a láimhseáil. Nuair a bhí sé leis amach ag iascaireacht
bradán cupla oíche an samhradh seo caite chonaic sé go raibh mianach an iascaire ann. Bhí sé breá
ábalta ag togáil na néangach agus ba é an chéad duine a thug faoi ndeara go raibh bád Pháidí Mhóir
curtha orthu an mhaidin gharbh udaí agus iad ag togáil éangacha folmha. Ní ró-mhinic a thóg Seán
Mór éangacha folmha.
Bhí na cailiní millte ag Hanna. Bhí sí i ndiaidh dhá gheansaí dheasa a chleiteáil daofa le tabhairt leo go
ítr mór agus chonaic Seán í ag sleamhnú cupla nóta isteach i ndorn Mhícheáil tráthnóna inné, i
ndiaidh é canna uisce a thabhairt aníos as an tobar di. Bhí gnás ag na páisít teacht isteach acu achan
lá ar a mbealach na bhaile ón scoil agus thabharfadh Hanna cupán deas tae agus píosa dá bonnóg
triacla daofa.
Bhí lámh mhaith ag Hanna ar dhéanamh aráin agus bhí croí na bpáisít isitgh sa bhonnóg triacla.
Choinneodh na cailiní comhrá le Hanna ansin ar feadh tamaill agus dhéanfadh Micheál Óg rud beag
itmireachta fan teach.
Cha deachaigh sise anonn ít Mhicí le slán a hfágáil acu ach an oiread.
Thosaigh Seán ag smaoineadh ar an tsaol a bhí acu ar an oileán. Dar leis nach mbeadh a shárú le fáil
áit ar bith eile. Bhí Seán é féin ag déanamh saothrú maith ar an talamh agus ar an hfarraige i rith a
shaoil agus Hanna í féin a bhí ag reachtáil Oiifg an Phoist. Ach, ní mhaireann achan rud ach seal.
Bhí clú agus cáil ar Sheán mar iascaire agus b’iomaí séasúr maith bradán agus scadán curtha isteach
aige. Ní raibh anás ar bith orthu.
Ní raibh caill air ag an rámhaíochta ach oiread. Bhí foireann láidir ar an oileán acu i gcónaí agus
b’iomaí bonn agus corn a bhain an foireann céanna.
Suas go bliain ó shoin, ba é an dúil ab hfaide siar ina choigeal é an t-oileán a hfágáil, ach anois agus
teaghlach eile ag imeacht suas an cainéal, tháinig an smaoineadh fríd a cheann.
Ní raibh sé ábalta a iúl a choinneáil ar an obair, bhí achan chineál smaointe ag dul fríd a initnn. Shiúl
sé anonn go dítn claí íseal, áit a raibh a chóta caite síos, thóg sé amach toiítn as a phóca ascail, las
suas, chaith an chóta gabairdín glas ar an chlaí agus shuí ina mhullach.
Bhain sé smailc as an toiítn agus thosaigh sé ag amharc thart ar an oileán ina rugadh agus a tógadh é.
Siar uaidh bhí páirceanna fada glasa agus iad roinnte ag claitheacha. Prátaí a ba mhó a bhí curtha ins
na páirceanna ar an taobh seo don oileán mar gheall ar an talamh deas gainmheach a bhí ann. Agus
bhí sin ann prátaí ar doigh; ábhar dinnéara ar achan ghas acu, iad chomh geal le plúr agus iad uilig ag
gáirí leat as an phota.
Rith na páirceanna siar go na itthe a bhí ina ribín ag rith leis an bhealach mhór ó ché go cé. Bhí na
itthe ag fáil foscaidh óna cnoic ar an taobh thiar don oileán. Bhí an foscadh de dhíth mar bhí an
ghaoth a thagadh isteach on aibhléis mhór fealltach go minic agus b’iomaí stoirm gharbh a chonaic
Seán agus leoga, b’iomaí oíche gharbh dhoineanta a chaith sé ar bharr na dtonn fosta agus é ag
saothrú a choda.
Anonn uaidh a bhí an scoil. Dhá sheomra ranga a bhí ann agus cuimhneach le Seán an am a raibh 80
scoláire ag freastail uirthi. Níor chaith sé féin mórán ama ar an scoil chéanna mar go raibh sé ar
cheann an teaghlaigh agus cuireadh amach ag iascaireacht é chomh luath agus a tháinig ann, ach, bhí
sé ann fada go leor le léamh agus scríobh a hfoghlaim.
Ba bhreá na itthe a bhí ar an oileán, dar le Séan, sclátaí dubh gorm orthu agus iad uilig maisithe go
maith. Bhainfeadh said an tsiúl asat anois agus an ghrian ag loinnreadh orthu; bhí said chomh geal
sin.
‘Nach mhór an peaca itthe mar sin a dhruid suas!’ arsa Seán leis féin.
Faoi achan teach bhí garradh glasraí, áit a raibh fás ar thogha agus rogha glasraí leis an líon ít agus na
hainmhithe a chothú. Bhí cupla bó bhainne i ngach bhóitheach, chomh maith le hasal, agus bhí
doisín nó beirt cearc á dtógáil ag gach bean ít.
Bhuail pian idir an dá shlinneán é. B’éigean dó seasamh suas agus a dhroim a dhíriú. Don chéad uair
ariamh, tháinig an smaoineadh fríd a cheann go raibh an aois ag teacht air.
‘A Dhia, cén áit a ndeachaigh na blianta,’ arsa Seán leis féin.
Chonaic sé Éamonn Shéamais ag tarraingt air aniar an cuibhreann. Fear beag dingte déanfasach a bhí
in Éamonn. Bhí sé cliste agus maith i gceann pinn. B’ag Éamonn a rachadh muinitr an bhaile dá
mbeadh siad ag iarraidh comhairle nó dá mbeadh liitr le scríobh.
‘An bhfuil ábhar dinnéara bainte agat?’ arsa Éamonn.
‘Ba chóir go mbeadh! Níl sé doiligh ábhar dinnéara a bhaint anseo, buíochas le Dia!’
‘Maram go bhfaca tú clann Mhicí ag imeacht?
Caitheann Micheál Óg cuid mhór ama fá theach s’agaibhse,’ arsa Éamonn.
‘Á, tá na páisít millte ag Hanna. Shíl mise go ndéanfainn fear farraige do Mhícheál Óg nó tá an
mianach sin go smior ann.’
‘Ní bheidh móran iomrá aige ar an hfarraige as seo amach, bainifdh ítr mór sin as!’
‘Tá an t-oileán ag éirí suaimhneach.’ arsa Seán.
‘Tá,’ arsa Éamonn ‘agus is maith mar a bheas sé fá cheann cupla mí eile má choinníonn rudaí ag dul
mar seo. Cha mbíonn ábhar meithle féin fágtha againn.’
Chuir sé a dhá lámha ina phócaí agus shiúl leis soir an cuibhreann ag tarraingt ar Ruball na Binne.
Sheas Seán ag amharc ar Éamonn ag coisíocht leis go bacach soir an cuibhreann.
Chrom sé ar ais ar a chuid oibre. Bhain Seán preab eile. Ba aige a bhí an dúil i mboladh na créafóige
agus é ag tarraingt na bprátaí amach as an ghainimh éadrom dhubh. Tharraing sé cupla barr itrim
lena chnág agus chaith anonn cois an chlaí iad. Chroith sé an gas agus chaith na prátaí isteach sa
bhuicéid.
Nuair a bhí an bhuicéid lán, thóg sé í, chuir sé an spáid ar a ghualainn agus thug a aghaidh ar an
bhaile.
Le croí trom, shiúl sé soir an cuibhreann ag tarraingt ar chosán na scoláirí. Shiúl sé leis go fadálach
agus é ag meabhrú leis féin. Bhí sé ag amharc soir uaidh ar Inis Meáin agus ar Inis Oirthir. Bhí an
bháigh uilig faoina shúil ach ní hfaca Seán an radharc galánta a bhí roimhe; bhí a initnn tógtha lena
chuid smaointe féin.
Mhothaigh sé iontach mí-shuaimhneach ann féin agus ní raibh Seán tugtha don mhí-shuaimhneas.
Bhí sé i gcónaí dearfach ina dhearcadh ar an tsaol agus cha raibh a dhath ariamh trom nó te aige.
Caidé a déarfadh Hanna nuair a labharfadh sé faoin oileán a hfágáil? Caidé an dóigh an
dtarraingeodh sé air an ábhar, ifú? Ar smaoinigh Hanna í féin air ariamh? Bhí chuimhne aige í ag rá
am amháin go gcrothnaíonn sí na siopaí agus a bheith ábalta dul go Teach a’ Phobail achan
Domhnach.
Ní bheadh sé i bhfad go mbeadh a hfios aige caidé a shíl sí. Tháinig meangadh gáire ar a aghaidh; cha
raibh Hanna faiteach agus ní bheadh sí a bhfad ag inse dó caidé a shíl sí.