Rugadh agus tógadh mé ar bhruach abhann na Laoi, an abhainn is deise in
Eirinn. Eirionn an abhainn seo i nGouganbarra agus imíonn sí uaithi trí gleann
álainn na Laoi, áit ina bhfuil cultúr agus ceol na nGael láidir fós. Fá
dheireadh shroiseann sí Cuan breá Chorcaí.
Ach is le héirí na habhann i nGougánbarra a bhaineann mo scéal -se
Fadó, fadó, bhí péist (dragón) ana mhór ina chónaí sa loch i n Gougánbarra. Lá
amháin tháinig Naomh Fionnbarra go dti an loch chun mainistéir a bhunú ann.
Ach bhi an ollphéist ag cur isteach ar phaidreacha na manaigh agus ag magadh
fúthu.
‘Téir amach as an loch and Imigh leat as seo, a Phéist’ , arsa Naomh Fionnbarra.
Ni Imóinn,’ arsa an phéist in árd a chinn is a ghutha. Bhí ceann mór ar an
ollphéist and lasracha ag teacht amach as a bhéal.
‘Imigh leat, in ainm Dé’ arsa Naomh Fionnbarra go ciún socair, mar fear cróga
ab ea é i gconaí.
‘Nilim chun imeacht’, arsa an phéist gránna agus é ag screadaigh go fíochmhar.
D’oscail sé a bhéal chun Naomh Fionnbarra a shlogadh siar
A Dhia, tar ar cabhair chugham’ , sin an paidir a dúirt Naomh Fionnbarra.
Thug Dia neart seachtar fear don Naomh . Rug an Naomh ar an ollphéist agus
tharraing sé amach as an loch é .Chaith sé ar an talamh é. Thug se cic don
dragón. Theith an ollphéist ón naomh a bhí lán de ghrásta Dé.
Rinne an phéist poll doimhin sa talamh agus é ag sleamhnú ón naomh. Nior
stop an phéist ag síleadh an uisce go dti gur shrois sé an fharraige ag cuan
Chorcaí. Léim sé isteach sa mhuir agus bádh é.
Creid nó ná creid é, sin a mar deireann an sean-scéal . Ach is dócha gurbh é an
Phágántacht ata i gceist i ndáiríre. Seasann an pheist don Phágántacht, mar
chuir Naomh Fionnbarra ruaig ar an bPágántacht timpeall an ama sin. Bhi sé ag
múineadh na Chríostaíochts don chos -mhuintir. Diaidh ar ndiadh tháinig
deireadh le ré na Págantachta in Eirinn.
Sin an sean scéat ar aon Nos . creid Nó ná creid, ach is Docha gurbh e an
phagantach fein ata i gceist agus conas a chuir ANaaomh ruaig ar an
bpagantacht .